Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 206
- XML “Cailleach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin. Nuair a bíonn deiread istuigh acu ceangleann siad na ropaí. Fanann dhá fhear ar an cailligh agus bionn dhá géa acu. Líonann an lán-mara isteach agus nuair a bíonn an lánmara barr-lán bíonn an cailleach ar an tsnámh. Bheireann na fir an cailleach go dtí an tsruth. Corr lá éirigh an gaoth nuair a bhíonn na fir i lár na fairrge agus ma thigeann siad idtír ar corr ar bith bíonn siad fluich go cnoiceann. Is iomda uair a báithtear na fir nuair a éirigheann donann mar sin. Bheireann siad an chailleach isteach comh comhgarach dón talamh as thig leobhtha. Lá ar na barach cruinnigheann cúigear no seisear fear agus cléibh leobhtha. Má tá giota measardha acu le gabhail l iomcarann siad an feamrach go dtí áit a dtig le cart a faghail. Beireann an cart go dtí an curaidheacht é. Annsin cuirtear amach an fheamrach ar na hiomareaca le cléibh arís. Tá obair mór leis an fheamrach ó bhaintear sa tráigh í go gcuirthear í. Na daoine atá i gcomhnuidhe cois fairrge iomcharann siad an féamrach ó an cailleach go dtí na hiomareacha. Spréidhtear an feamrac annsin cuirthear suas í.
- Bailitheoir
- Brian O Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tarlac O Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann