Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 165
- XML “Scéal a 2”
- XML “Scéal a 3”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal a 2 (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé le pósadh. An oidhche sul ar pósadh iad, bhí seisean ag siubhal thart ag bun speanncacha móra.”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.Scéal a 3
“Bhí gasur beag amuigh ar an chnoc aon lá amháin. Bhí sé ag dul thart ag taobh an locha, agus cualaidh sé ceól binn agus damhsa.”
Sgéal a (3)
Bhí gasur beag (amach) amuigh ar an chnoc aon lá amháin. Bhí sé ag dul thart ag taobh an locha, agus cualaidh sé ceól binn agus damhsa. D’éirt sé leis go cionn tamall agus shíl sé nach gcualaidh sé dadaí ariamh cosamhail leis. Shuidh sé síos agus bhí an fuam i n-a chluasa ar fad.
Indiaidh tamall d’éirigh sé suas agus shíl sé nach rabh sé bomaite i n-a shuidhe, ach n-áit sin bhí an oidhche dhubh dhorcha chomhair a bheith ann anois agus ní rabh sé acht i n-a mhaidin nuair a shuidh seisean síos.
Bhí sé annsin agus é iontach uaigneach. Chualaidh sé tormán beag ar a chul agus cáide tcí sé acht fear beag agus lampa leis. Bhí níor mo eagla ar an gasur anois no bhí am ar bith eile. Bhí sé ag dul a chaoineadh nuair a d’iarr an fear beag air gan eagla a bheith air, acht arsa fear beag tá mise ag dul go Dun Luaidhe agus mas mian leat a bheith liom teisbeanóchaidh mise an bealach duit.(leanann ar an chéad leathanach eile)