Scoil: Leitir

Suíomh:
Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Leigheasanna i Leitir Mhic an Bhaird”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Má ghearann tú do chos ar buideal ba chóir an buideal a chathadh sá teine, gheobhaidh tú biseach.
    Má tá bo tinn agus uisge coisreachtha a chathadh uirthí agus coinneal lasta a chuir isteach fuithe, ma (cra) chraitheann sí cluas cupla uair, gheobhaidh sí biseach.
    Má bhíonn an déideadh ort agus tú aibhleóg beag a chur leis, agus do bhéal lán uisge fuar gheobhaidh sé biseach.
    Tá aoil an mhaith ma bhíonn gearradh ort.
    Má bhíonn gearradh ort agus an madadh e a lighe gheobhaidh tú (bás) biseach.
    Áit ar bith a bhfuil seacht nighean agus seacht mac thig leobhtha (?) an chait bhraghaid a léigheas.
    Má bhíonn tinneas cinn ort éadach a chuir ar do cheann gheobhaidh tú biseach.
    Má bhíonn déideadh ort agus piopa tobac a chaitheamh, gheobhaidh tú biseach.
    Ma bíonn cluas nimhneach agat agus olann a chuir ann geobhaidh tú biseach.
    Má bhíonn léara scálta ort agus aoil a chur ionnta gheobhaidh siad biseach.
    Áit ar bith a bhfuil seacht nighean agus seacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Chailín
    Inscne
    Baineann