School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 325](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_325.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 325
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Óige, an Saoghal agus an Bás.Bhí Fionn Mac Cumhaill agus a chuid fear lá amháin amuigh ag seilg - lá goirid geimhridh. Bhí spéarthaí dúnta, dorcha 'n-a luighe anuas ar bhárr na gcnoc. Teacht an tráthnóna dhruid ceo dluith isteach anns na gleanntain. Scab na fir soir agus siar go dtí nár fágadh aon fhear ag Fionn ach Goll agus cupla fear eile. Chongbhuigh siadsan greim ar a chéile rith an ama. Siubhal siad leo fríd a t-sliabh, ag tuitim agus ag éirghe, go dtí go raibh siad marbh sáruighthe.
Fá dheireadh chonnaic siad marbh-solas i ndoimhneacht an t-sléibhe agus tharraing siad air fá deifre agus nuair a tháinic siad fad leis caidé bhí ann ach bóthóg fhód - bóthóg bheag, bhaoideach nach raibh áit suidhe ná seasamh innti. Bhí doras cumhang, íseal uirri, agus ba deacair do fear comh mór le Goll fághail isteach ar an doras chumhang sin. B'éigean(continues on next page)- Collector
- Róise Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Feidhlimidh Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall