Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An droch leas-mháthair.Do chomnaidhe lánamháin óg sa cheanntar seo seal bliadhantach ó shoin agus ní raibh aca ach ach [!] aon ghasúr beag amháin. Nuair a bhí an gasúr bliadhain de aois fuair a mháthair bás agus i gcionn tamaill pós an t-athair bean eile. Bhí an leas-mháthair go hiongantach olc do'n ghasúr; bhí fuath na n-éag aici air.
Lá amháin nuair a bhí an gasúr seacht mbliadna de aois dar leis an leas-mháthair go gcuirfeadh sí 'un báis é. Níor mhaith leithe fhéin é chur 'un báis ar eagla go bhfeicfeadh an t-athair í. D'imthigh sí an lá seo agus scríobh sí litir do, agus d'iarr air gan an litir a thabhairt do dhuine ar bith ach do'n fhear a raibh a ainm scríobhtha ar chlúdach na litre. 'Sé an rud a bhí sa litir ag iarraidh ar an fhear an gasúr a mharbhughadh nuair a rachadh sé fhad leis.
Shiubhail an gasúr leis agus nuair a bhí giota fada siubhalta aige, tháinic bean fhad leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall