Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 360

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 360

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 360
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus d'iarr sí an litir air. Dubhairt sé nach dtiocfadh leis an litir a thabhairt dithe n[á?] gur iarr a mháthair air gan an litir a thabhairt do duine ar bith ach an t-é a raibh sí seolta chuige. D'innis an bhean do nach b[?] a mháthair a bhí innti ach gur ise a mháthair
    Bhain sí an litir de agus d'amharc sí uirri. Shuidh an gasúr a dheanamh a scríste agus thuit sé 'n-a chodladh mar bhí sé tursach agus nuair a fuair sí 'n-a chodladh é stroc sí an litir. I gcionn scáthaimh, mhuscail sé agus chuir sé ceist uirri cá raibh an litir. D'innis sí do caidé a bhí anns an litir agus gur stroc sí í. Chuir sé ceist uirri caidé dheanfadh sé annsin. Dubhairt sí leis go raibh trí chrois-bhealach shuas annsin, agus d'iarr sí air suidhe ar an chead cheann aca, agus nuair a thiocfadh carr an ríogh thart, go gcuirfeadh an rí ceist air caidé sheol an bealach seo e, agus é rádh leis gur seachrán an t-saoghail.
    D'imthigh an gasúr ag tarraingt ar n[a] crois-bhealaigh, agus nuair a tháinic sé fhad lei[s]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Níc Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Níc Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall