Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An oidhche sin chuaidh siad 'n-a bhaile agus chuaidh an bheirt a luighe ar aon leabaidh. Ní raibh siad i bhfad 'n-a luighe go dtug chroidhe mhic an ríogh léim. Ar éirigh daoibhthe ar maidín chuaidh an buachaill fad leis an rígh agus d'innis sé do go raibh a mhac gabhail a fhághail bháis sa troid an lá sin, ná go dtug a chroidhe léim an oidhche roimhe sin.
"Is cuma liom", ars' an rí, "b'fhéidir gur sin an bás atá fá 'n-a choinne".
Dubhairt an buachaill gur mhór an truaighe é bás a fhághail go fóill; dá bhfuigheadh go mbéadh a mhuinntir uilig buadhartha 'na dhiaidh agus dubhairt sé go raibh sé fhéin agus eisean an-chosamhail le chéile; go rachadh sé fhéin a throid ar a shon agus da mbainfeadh sé inghean an ríogh go dtabhairfeadh sé do í le pósadh; "agus", ar seisean, "dá gcuirfidhe 'un báis mise fhéin, ní'l fear mo caointe le fághail agus ní bheádh duine ar bith buadhartha 'mo dhiaidh".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall