Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 367](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_367.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 367
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a philleadh siad.
Uair amháin nuair nach raibh blas salainn ar an uisce na fairrge bhí beirt dearbhrathaireacha ‘n-a gcomhnaidhe ag taoibh a chéile. Bhí fear aca iongantach bocht agus an fear eile an - sáidhbhir. Bhí an bheirt pósta, agus oidhche amháin tháinic ocras ar an fhear bocht, agus gan greim bídh faoi chreataí an toighe aige, chuaidh sé fhad leis an fhear sháidhbhir agus d’iarr rud beag bídh air. Dubhairt sé nach dtabhairfeadh ach go dtabhairfeadh sé giota muic-fheola do, agus é imtheacht leis go deireadh an t-saoghail agus gan pilleadh a coidhche arist.
Ghlac an fear bocht an mhuic - fheoil agus d’imthigh sé leis a chuarthughadh deireadh an t-saoghail. Siubhail sé leis i mbéal a chinn go raibh a dhá chois caol le dhá dhealgan, agus bonnaí na mbróg chomh tanaidhe le eiteógaí féileacháin. Shiubhail sé oidhche agus lá, lá agus oidhche, go dtáinic sé go dtí teach-mór. Dar leis seo deireadh an t-saoghail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Crosain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Meadhbh Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall