Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)triúr bos a láimhe a thaisbeaint do. Do thaisbean. Do bhain an brathair crathadh as a cheann agus dubhairt sé ós árd sa dóigh go gcluinfeadh bean an toighe é. "A leanbh is uathbhasach ar fad an saoghal atá i ndán duit." D'fhéach an brathair annsin ar lámha na beirte eile agus dubhairt leis an dara leanbh, "Is measa an saoghal atá fá do choinne-sa," agus leis an tríomhadh duine, "Is ort-sa atá an crann mí-adhmharach ar fad".
Le sin do rith an mháthair amach 'un an bhrathair agus thug sí cuireadh do a theacht isteach. Tháinic sé. Do chuir sí biadh blasta as a chómhair agus bhí sí go h-an chaoimheamhail leis agus ag tabhairt gach aon freasdal do, agus an fhad a bhí an brathair ag ithe, d'fhiafruigh bean-an-toighe de caide bhí ann a cheann nuair a labhair sé i dtaoibh an droch-shaoghal ar fad a bhí i ndán do na cuid leanbh bocht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall