Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an croiceann a dhíol.
Chualaidh an cat é dhá rádh seo agus chuaidh sé anonn fhad leis. D'éirigh sé ar a dhá chois deiridh agus d'amharc suas anns an aghaidh air. Dubhairt sé leis gur mhaith a mhargadh cead a chinn a thabairt do-san, agus gan é mharbhughadh ná "Is iomdha gar a thig liomsa a dheanamh duit agus má ghlacainn tú mo chomhairle béidh tú 'do fhear sháidhbhir go fóill. Má thabhaireann tú mála damh-sa tcídhfidh tú go gcuirfidh mé le mo fhocal."
Thug an fear óg an mála do'n chat, agu[s] d'imthigh an cat, agus an mála leis, go dtí áit a raibh cuid mhór coinín. Chuir sé féar agus cál isteach anns an mhála, agus annsin d'fhág sé an mála ag béal puill. Luigh sé fhéin siar ag leigint air g[o] raibh sé marbh. Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtáinic coinín breagh reamhar go béal an phuill agus chuaidh sé isteach anns an mhála a ithe an fhéir ach ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall