Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad ag gabhail suas an bealach mór chuir Seonaí ceist ar Shinead caidé 'n trup a bhí 'n-a ndiaidh. Dubhairt sise gur bh'é an doras (chomnhla[?]) a bhí ag deanamh an trup.
"tCídh Dia an cineal mná a fágadh agam-sa" arsa Seonaí. "Nach b'é an rud a d'iarr mise ort an doras a dhruid amach"
Tháinic an oidhche fá dheireadh ortha agus chuaidh sí go dtí áit a raibh chuid mhór crann a fás, gheall ar fascadh na hoidhche bheith aca. Chuir siad an doras 'n-a luighe ar chraobhacha crainn agus shuidh an peire aca air, agus thuit siad 'n-a gcodladh.
Am eiginteacht fríd an oidhche muscladh as a gcodladh iad agus ar amharc síos daobhtha chonnaic siad gadannaí 'n-a suidhe ag bun an chrainn ag cunntas an airgid a bhí goidte aca ó oidhche. Le sin leig Sinead de'n doras tuitim síos 'n-a mullach agus shaoil siad go raibh an tóin ag tuitim as an spéir, agus d'imthigh sí an méid a bhí ann a gcnámha le h-eagla.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall