Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Colm agus ár Slánuightheóir.Bhí fear ann fad ó shoin darbh’ ainm Colm agus bhí sé iongantach olc do na boichte. Lá amháin tháinic ár Slánuightheóir ‘un toighe chuige i gcosamhlacht fir bhoicht. Nuair a chuaidh sé isteach bhí an cailín ag deanamh aráin, d’iarr sé gráinín de’n taosc uirri agus thug an cailín sin do. Chaith sé taosc isteach anns an teinidh agus d’fhás trí chrann mhóra amach ar an t-simleóir.
Bhí Colm ag obair amuigh fá’n gharradh, chonnaic sé na crainn ag fás amach ar bhárr an t-simleóra, chuaidh sé ‘un toighe agus chuir ceist ar an cailín cé chuir na crainn anns an simleóir. Dubhairt an cailín nach raibh fhios aici ach go raibh fear bocht istigh tá tamallt ó shoin, go raibh sise ag deanamh aráin, gur iarr sé gráinín de’n taosc uirri; go dtug sí sin do; gur chaith sé isteach sa teinidh é, agus b’fhéidir gur sin an rud a rinn na crainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall