Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 463
- XML “Bhí an tÁdh air”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinn an mháthair trí bunógaí móra, agus trí bunógaí níos lúgha na sin de arán choirce.
Ar maidín rinn an triúr réidh le himtheacht. Nuair a bhí an chead fhear ag crathadh láimhe le ‘n-a mháthair agus fágailt slán aici, chuir sí ceist air cá aca b’fhearr leis an bhunnóg mhór agus a mallacht ná an bhunnóg bheag agus a beannacht. Dubhairt sé gur b’fhearr leis an bhunnóg mhór agus a mallacht. Thug sí an bhunnóg mhór do, chuaidh síos ar a dhá glún agus chuir a seacht mallacht roimhe agus ‘n-a diaidh. Thug an mac buidheachas dithe agus d’imthigh sé leis.
Chuir sí ceist ar an dara mac cé aca b’fhearr leis an bhunnóg mhór agus a mallacht ná an bunnóg beag agus a beannacht. Dubhairt seisean gur b’fhearr leis an bhunnóg mhór agus a mallacht. Thug sí an bhunnóg mhór do, chuaidh sí ar a dhá glún agus thug a seacht mallacht do. Thug sé buidheachas dithe, craith lámh leithe agus d’imthigh leis i gcionn an bhealaigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Crosain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall