Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 465
- XML “Bhí an tÁdh air”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfuigheadh siad dídean na hoidhche. Sa deireadh chonnaic siad solas agus chuaidh siad fhad leis. Chuaidh an fear a ba’ sine isteach a iarraidh foscadh na hoidhche. Goidé bhí istigh roimhe ach fathach mór. Nuair a chonnaic an fathach é ag bualadh ‘un toighe, d’éirigh sé, fuair greim ar a chlaidheamh agus mharbhuigh sé é.
Nuair a chonnaic an bheirt eile, caidé dhéirigh do n-a ndearbhrathair, scannruigh siad, agus théich an méid a bhí ann a n-anam le h-eagla. D’imthigh siad leo go dtí gur casadh teach eile ortha. Bhuail an dara fear isteach annso ar lorg lóistín na h-oidhche. Bhí fathach eile sa teach seo, agus nuair a chonnaic sé an fear ag teacht isteach, fuair greim ar a chlaidheamh agus steall an ceann de.
Ní raibh ag an tríomhadh fear annsin ach é fhéin. Siubhail sé leis go dtáinic sé go dtí teach eile - teach mór a bhí ann. Bhuail sé isteach go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé foscadh an toighe go maidín. Ní raibh a’n dhuine istigh roimhe ach fear a bhí ar leabaidh an bháis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Crosain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall