Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h aois pósta. Scríobh siad sin síos ann dhá leabhar agus fuair gach fear aca leabhar. Annsin scar an bheirt uadh na chéile agus chuaidh ‘acha’n fear aca a bhealach fhéin.
D’éirigh an saoghal go maith leis an fear thiar agus i gcionn roinnt bliadhantach bhí sé ‘n-a shuidhe go teith; ach bhí [at’rach]? scéil le hinnse ag an fhear i bhfus ná bheir boichtíneacht an t-saoghail air.
Nuair a bhí an gasúr ag tarraingt ar fhichead bliadhan bhí sé ag amharc fríd chuid leabharthach a athra. Chonnaic sé an rud a bhí scríobhtha fá dtaoibh do fhéin agus an ghiorsach shiar i gConnachta. Chuir sé ceist ar a athair caidé fá dtaobh de’n rud a bhí scríobhtha sa leabhar. D’innis an t-athair do caidé mar bhí ó thús go deireadh
“Ach”, ar’ seisean, “ní’l maith ar bith duit a ghabhail siar go Connachta á hiarraidh sin, mar tá sí i bhfad ró-ghalanta fá do choinne-se. Tá sí comh-galanta agus go bhfuil dhá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Iseabal Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall