Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 485

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 485

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 485
  3. XML “An Dá Chroiceann Déag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chloigeann déag cailín ag freasdal uirri. “Mar sin de ní’l maith ar bith duit a ghabhail siar”.
    “is cuma liom”, ars’ an stocach, “goidé go galanta agus tá sí, tá mé ag gabhail siar go bhfeicfidh mé an bhfuil sí le fághail agam”.
    “Maith go leor”, ars’ an t-athair, “má théigheann mac na baintreabhaighe seo thíos leat siar, leigfidh mé tú ach mar dtéidh ní thig leat a ghabhail mar tá barraidheacht chontabhairt’ ar an bhealach siar”.
    Chuaidh an stocach sios chuig mac na baintreabhaighe agus d’innis do caidé mar bhí.
    “Rachaidh mise leat”, arsa mac na baintreabhaighe, “má ghnídh tú gach uile rud a iarrfas mé ort a dheanamh”.
    “Dheanfaidh”, ars’ an stocach.
    D’imthigh an bheirt leo ar dhruim dhá bheathadhach capaill. Thiomainn siad leo go dtí go raibh an tráthnóna ann. Annsin léim mac na baintreabhaighe anuas ó n-a chapall, tharraing amach a scian agus rois sé an capall. D’iarr sé ar an stocach an cleas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0851: The Princess who Cannot Solve the Riddle
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Iseabal Níc Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinsias Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall