Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chloigeann déag cailín ag freasdal uirri. “Mar sin de ní’l maith ar bith duit a ghabhail siar”.
“is cuma liom”, ars’ an stocach, “goidé go galanta agus tá sí, tá mé ag gabhail siar go bhfeicfidh mé an bhfuil sí le fághail agam”.
“Maith go leor”, ars’ an t-athair, “má théigheann mac na baintreabhaighe seo thíos leat siar, leigfidh mé tú ach mar dtéidh ní thig leat a ghabhail mar tá barraidheacht chontabhairt’ ar an bhealach siar”.
Chuaidh an stocach sios chuig mac na baintreabhaighe agus d’innis do caidé mar bhí.
“Rachaidh mise leat”, arsa mac na baintreabhaighe, “má ghnídh tú gach uile rud a iarrfas mé ort a dheanamh”.
“Dheanfaidh”, ars’ an stocach.
D’imthigh an bheirt leo ar dhruim dhá bheathadhach capaill. Thiomainn siad leo go dtí go raibh an tráthnóna ann. Annsin léim mac na baintreabhaighe anuas ó n-a chapall, tharraing amach a scian agus rois sé an capall. D’iarr sé ar an stocach an cleas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Iseabal Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall