Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 495
- XML “Na Trí Achaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhricfeasta do agus rann siad leis comh maith agus tháinic leo. Nuair a bhí sé réidh le himtheacht dubhairt sé go bhfuigheadh siad trí athchuinge ar bith dá n-iarrfadh siad, ach gan droch cheann ar bith a iarraidh agus d'imthigh sé.
Bhí an fear fá choinne mála óir agus airgid a iarraidh agus lán cofra éadaigh, agus bhí an bhean fá choinne culaidh éadaigh a iarraidh agus bróga deasa. Ach ní raibh an bheirt ábalta socrughadh i gceart le chéile cadé d'iarrfadh siad. Bhí acha'n dhuine aca fá choinne an rud a ba' mian nleis féin a iarraidh.
Tháinic an dinneara agus bhruith siad pota préataí. Nuair a bhí na préataí bruithte aca, chaith siad amach ar losaid iad i lár an urláir agus shuidh siad a dheanamh a ndinneara i lár an toighe. Ní raibh aca mar annlán ach scadán caoch agus braon blathaiche.
"Níl móran maith' i bpréataí tura" ars' an bhean, " mo chreach gan giota muicfheola(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall