Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 496
- XML “Na Trí Achaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)againn leo”.
Ní luaithe a bhí an focal as a béal ná léim pan muicfheola ar an teinidh. Bhí an chead athchuinge aca. Bhí fearg mhór ar an fear agus bhí sé ar mire leis an mhnaoi.
“Tú fhéin, agus do chuid muicfheola”, ar’ seisean, “Tá ar n-athchuinge bhréagh caillte againn is truagh nach ngreamann giota maith de’n mhuicfheoil de do ghaothsan”.
Ní luaithe a dubhairt sé sin ná léim giota már de’n mhuicfeoil agus ghreamaigh sé do ghaotsan na mná. Bhí an dara athchuinge aca. Bhí buaidhreadh mór ar an fhear nuair a chonnaic sé caidé rinn sé, “ach”, ar seisean, tá athchuinge amháin againn go fóill agus tá mise ag gabhail a iarraidh lán an chofra sin thuas dé ór agus de airgead”.
“Sé, ach caidé ‘n mhaith sin”, ars’ an bhean, “is nach dtig liom-sa, mo aghaidh a thaisbeaint taobh amuigh de’n doras a choidhche, an fhad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall