Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leithe amarach”, ars’ an bhainríogháin, “agus béidh fhios agam caidé tá sí dheanamh leis an bhiodh”.
Nuair a bhíthear a líonadh an mhála lá thar na bharach d’iarr an bhainríoghain ar bhean de na cailíní a bheith leithe, agus bhí. Nuair a bhí siad giota maith ar siubhal casadh crann ubhall ortha agus d’iarr an leas inghean ar an chailín ubhall a bhaint, ceann a ithe agus ceann a thabhairt leithe, agus rinn sí sin. Chuaidh siad ar aghaidh giota eile agus casadh crann spionóg ortha agus d’iarr an leas inghean uirri an cleas céadna a dheanamh agus rinn. Ar aghaidh leo giota eile agus casadh crann sméar ortha agus d’iarr sí uirri an rud céadna a dheanamh agus rinn sí sin.
D’imthigh siad leo go dtáinic siad ar amharc an chaisleain agus d’iarr an leas inghean ar an chailín suidhe síos go gciorrfadh sí a ceann agus shuidh. Nuair a fuair an leas inghean ‘n-a suidhe í chuir sí biorán [suaim]? ann a ceann agus thuit sí ‘n-a codladh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall