Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 537

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 537

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 537
  3. XML “An Gadaí Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt Conall gur aithnigh agus chuir sé céad míle fáilte roimhe ‘un Oileáin Úir, agus d’fhiafruigh caidé mar bhí a athair agus a mháthair sa t-sean tír.
    “Ó”, arsa Pádraic, “tá siad ar slighe na fírinne. Fuair siad bás tamall sul ar fhág mise an baile”.
    “Go ndeanaidh Dia trócaire ar a n-anamna” arsa Conall, agus buaidhreadh mór air [ná bhfiár]?
    D’iarr sé annsin ar Pádraic a bheith ag teacht leis fhéin agus an duine uasal agus go bhfuigheadh sé lóistín do. D,imthigh an triúr leo go dtí caislean mór a bhí ann. Shaoil Pádraic nach raibh ‘n-a gcomhnaidhe anns an caislean seo ach daoine uaisle uilig. Chuaidh siad isteach agus bhí dúisín fear istigh agus iad ‘n-a suidhe thart ar thábla mhór bídh. Fuair Pádraic agus Conall agus an fear uasal a suipear.
    Nuair a bhí sé ag druidim suas leis an h-aon dhéag ó chlog d’iarr Conall ar Pádraic suidhe annsin go dtiocfadh siad-san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nuala Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Róise Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    42
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall