Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhuinntir a d'fhág sé leobhtha féin seal bliadhantach ó shoin agus gan [caoi]? aige ar philleadh chuca. I lár na smaointigheacha seo chonnaic sé long ag seoladh thart comhgarach do’n oilean. Chuir sé suas a spád mar comhartha. Thug muinntir an t-soithigh fá dear é agus sheol siad níos comhgairighe [gur30]? dtáinic siad go dtí an cladach. Thug an fear léim ar bórd an t-shoithigh agus nuair a bhí an soitheach giota beag amach ó’n Chladach chonnaic an bhean an fear ar bórd rith sí anuas go dtí an cladach agus d’iarr air a theacht arais ach ní thug sé freagar ar bith uirri. D’iarr sí air ath-uair pilleadh chuici ach ní raibh maith ann, ní phillfeadh sé.
Scairt sí annsin leis a aghaidh a thabhairt ar an oilean agus thug, ach má thug caidé chonnaic sé? Chonnaic sé a bhean ag fághail greim ar an bheirt ghiorsach agus ‘a gcathadh amach san fhairrge gur báitheadh iad, agus chuir sé buaidhreadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall