Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lúthghair mór uirri nuair a casadh fear bán uirri agus go dtearn sí a comhrádh leis. D'fhiafruigh sí dó car b'as a dtainic sé agus d'innis sé sin dithe ó thús go deireadh.
"Anois" ar sise, "diubhail leat liom-sa agus bheirfidh mé lóistín na h-oidhche duit".
D'imthigh an fear bocht leithe agus crathán eagla air, eagla go muirbhfeadh an bhean dhubh é. Thug sí síos i umhach mhór é agus ní raibh duine ar bith san umhach ach a máthair. Lá thar na bharach pósadh é fhéin agus an bhean dhubh ar a chéile. Rinn sé teach beag annsin ag taoibh na h-umhacha, d'fheistigh é, agus chuaidh sé fhéin agus a bhean a chomhnaidhe ann.
Nuair a bhí sé seal tamaill pósta bhí beirt ingeanach aca agus bhí grádh mór aige ar na páistí ach má bhí fhéin, bhí sé i dtolamh ag smaointiughadh ar a mhnaoi agus a pháisdí a d'fhág sé na dhiaidh i nÉirinn.
Lá amháin bhí sé amuigh ag obair agus é ag smaointiughadh agus ag meabhrughadh ar an....(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall