Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 156
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bith. Ba dream de cloinn Úi Fhearradaigh agus dream de chloinn Ó Geadaidhe a bhí anntú.
Ta teach eile ann a bhfuil teach úr shuas in aice leis. Bhí an sean-teach ag éirigh ró aosta agus bhí eagla ortha go dtuitfeadh sé ortha, agus chuir siad suas teach úr. Níl ann anois ach an seomra. Thuit an chuid eile de tá cupla bliadhain o shoin. Ba fear de chloinn Uí Fhearradaigh a bhí ann ar dtús agus nuair a d'éirigh sé aosta thug sé an áit do fhear de chloinn Uí Ghallchobhair.
Ba gnathach le morán as an áit seo a ghabhail go Meirioca fadó. - Mo cheanntair fhéin.
Tá mé mo chomhnuidhe i bFana Bhuidhe, i bParóiste ChloichCheann Fhaoilidh agus i mbarúntacht Chill Mhic Neidheannain.
Tá ocht gcinn déag agus fiche de thoighthe ar an bhaile s'againne. Bhí ceann amhain agus dhá scór toighthe ar an bhaile fadó.
Is é slinn atá ortha uilig anois ach cúigear agus is é tuighe(leanann ar an chéad leathanach eile)