Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 203
- XML “Scéaltaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéaltaí
“Bhí stocach beag ann fad ó shoin dar b' ainm Seamús.”
SgealtaíBhí stocach beag an fad ó shoin dár b'ainm Seamús. D'imthigh sé lá amhain a chuartughadh oibre agus ní rabh sé i bhfad ag cuartughadh go dtáinig sé fhad le teach agus chongbhuigh fear an toighe sin é.
Ar maidin lá thar na bhárach thug sé órdughadh do boitheach a bhí amuigh annsin nár glanadh le seacht mbliadhna a ghlanadh. Is é an rud a shil an fear seo na mbéadh sé ábalte seo a dhéanamh agus gur sin leith-sgeul maith le é a chur ar shiubhail.
Ghlan Seamús an boitheach agus bhí iongantas mór ar an fhear agus dubhairt sé go rabh sé ró láidir aige agus thug sé tubán leith-phingneacha do. D'imthigh sé annsin chuig fear eile agus thug seisean órdughadh do coillidh a bhí amuigh annsin nár géarradh le seacht mbliadhna a ghéarradh.
Shil an fear seo an rud ceudna a shil an chead fhear, ach ghéarr Seamús an coillidh agus bhí an t-iongantas ceudna air-san agus bhí ar an chead fhear. Dubhairt sé le Seamús go rabh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fána Bhuí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fána Bhuí, Co. Dhún na nGall