Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 240
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí lanamhain an aon uair amháin agus bhí an fear na fhigheadóir. Nuair a tháinig lá bainte na mónadh, fuair an fear cúpla fear eile le cuideadh leis an móin a bhaint.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhí an ghaoth ag teacht isteach ar an cheann a bhí fosgailte. D'iarr seisean ortha an ceann a bhí fosgailte a dhruid agus an ceann eile a fhosgladh. Rinne siad sin agus ní rabh gaoth ar bith ann.
" Béidh mé ar shiubhal liom go dtí an oidhche go bhfuigidh mé bean comh h-amaideach libh," arsa seisean. D'imthigh sé, agus cha rabh ibhfad go dtáinig sé fhad le teach beag ceann toigheadh. Bhi féar ag fás ar mhullach an toighe. Bhi beirt bhan annsin fosta, agus bó ar ghreim rubaill ag bean aca agus greim cinn ag an bhean eile uirthí, agus iad ag iarraidh í a chaitheamh suas ar an teach go bhfuigheadh sí an féar. Chuir sé ceist ortha an raibh corán aca agus dubhairt siad go raibh. Thug siad chuige é agus bhain sé an féar. Dubhairt sé go mbéadh sé ar shiubhal leis go dtí an oidhche go bhfuigeadh sé bean comh h-amaideach leo.
D'imthigh sé, agus cha rabh ibhfad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sádhbha Níc Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Prochlais, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Prochlais, Co. Dhún na nGall