Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Micheal a Géidigh.
Bhí fear ann fad ó shoin darbh'ainm Micheal O Géidigh. Bhí beathach mhór ruadh aige. Chuaidh sé amach 'na margaidh leis agus chan fhuair sé air ach punt agus ceannuigh sé luac punt de brioscaí. Chuaidh sé síos go dtí an tráigh. Fuair sé ballóg. D'fhosgail sé é agus chuaidh sé isteach inntí. D'imthigh sé leis go dtí oilean. Bhí riogh annsin agus é ag togail caisleain. Bhí obair a geobhail ar Mhicheal agus chuir sé ceist ar an righ an rabh obair ar bith aige le deánamh, Dubhairt an riogh go rabh agus ma bhí dúil aige a dheánamh a dhul i n-airde ar an méid a rinne siad an lá sin agus é a coimhead. Dubhairt Micheal go rachadh. D'innis sé do annsin go rabh annsin go rabh naimde ag teacht air agus d'á leagaint. Chuaidh Micheal i n-airde agus thainig trí fhathach anoir agus bhí siad a ghabhail a leagaint. Chaith Micheal anuas cloch agus thainig sé ar fhear aca. " Mo mhunadh agus mo dhorn ort. ma deanann tú sin an darna huair muirbhfidh mé thú." Chaith Micheal anuas cloch eile, agus bhuail sé fear eile aca. Thoisigh an pheire a throid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnseas O Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Canáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Caoldroim Íochtarach, Co. Dhún na nGall