Scoil: Carraig Airt

Suíomh:
Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Phaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Airt
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    duine amháin aca agus thug seisean iarracht duine eile a shabhail ach ní rabh sé ábalta é a thabhairt isteach sa bhád. Bádhuigh naoi dhuine dhéag aca. Tá amhrán déanta fa dtaobhfa anois.
    An Mhaol Ruadh.
    Tá fhíos ag an t-saoghal nach bhfuil iasg le fághail ins an Mhaol Ruadh cé go bhfuil siad go fluirseach ins an t-Suiligh taobh shoir agus i gcuan na long ar an taobh thiar de. Tá seo amhlaidh o am Cholmcille ag treastail na [áre]? agus tháinig sé go dtí an Mhaol Ruadh agus é tuirseach ocrach. Bhí iasgairí na Maoile Ruaidhe amuigh ag iastaireacht agus ní bhuair siad ach cúpla bradan. Chonnaic siad Colmcille ag teacht dubhairt duine aca sin Colmcille ag teacht. D’iarr an duine eile ortha na brádain a cuir i bhfolach mar nach rabh morán leo agus go mbéadh sé a iarraidh ceann agus ní rabh aon ceann le sparáil. Tháinig Colm fhad leo agus dubhairt sé an bhfuair sibh dadaidh. Ní bhfuair ar siad san. Bhí fhíos ag Colm gur ag innse bréag a bhí siad agus dubhairt sé mur bfuair sibh go bhfághaidh sibh acht ma fuair sibh na fhághaidh sibh a choidhe agus char bfhuaras breac no bradan o shoin in uisge na Maoile Ruaidhe ó’n lá sin go dtí an lá indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Antoine Ua Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Glassan, Co. Dhún na nGall