Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 248
- XML “Scéal - Liam an tSoip”
- XML “Na Trí Teaghlaigh a Bhí ina gCónaí ag Bun Gháinne Caora”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí am amháin in a gcomhnuidhe trí teaghlaigh ag Bun Gháine Caora. Bhí giota beag talaimh aca. Bhí siad ag troid leis an t-saoghal agus an saoghal ag troid leobhtha, agus corr uair bhí sé ag faghail buaidh ortha. B'é an gnas sa'n am sin ann, lá go gcaithfeadh siad gabhail i lathair an Tighearnaigh (?) leis an cíos a dhíol. Ní rachadh fear ar bith le labhairt leis an Tighearna. D'orduigh gach fear dá bhean a ghabhail.An chead bhean a chuaidh isteach dubhairt sí leis an Tighearna. "A Chara, ni'l an cíos sin agam indiú." "Caidé an fath a dtainig tusa annseo" adubhairt an Tighearna. "Narbh'é do fhear a ba chóir a theacht." "O" adeir sí. "Tá mo fhear-sa amaideach. Ní (?) i lathair ar bith ann le labhairt le do mhucasamhailsa." An dara bean a chuaidh isteach dubhairt í an rud céadna. An treas bean a chuaidh isteach dubhairt sí an cainnt céadna.(leanann ar an chéad leathanach eile)