Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 256
  3. XML “Maol Muire agus an Gobán Saor”
  4. XML “Cathoireach Cábann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Cathoireach Cábann.
    Bhí fear i bhfad ó shóin a dtugadh siad Cathaoireach Cábann air. Tháinig sé isteach oidhche amháin chúig bean agus d’fhiafruigh sé dé cáide an t-ainm a bhí air. Tá mo ainm faoi mo thóin agus mo shloinne fá mo mhuinéal “A Chathaoirigh Cabann” míle fáilte romhat. Dá mbéadh a dhath tairsing agam duit bhruithfinn dornán preataí duit. “A bhean chroidhe bruith thusa na preataí agus tairsing liom fhéin”.
    Nuair a chuaidh sé a ithe na preataí dubhairt bean a tóighe shíl mé go rabh tarrsing leat fhéin. A bhean chroidhe is maith an tairsing an t-ocras. Nuair a bhí sé ag gabhail a luighe chá rabh béarla ar bith aicí le é a chur a luighe Chuaidh sí amach fá choinne comharsanach mná le é a chur a luighe. Tháinig sí sin isteach agus labhair sí leis mar seo. “To bed, to bed a dhuine chóir”. Tá sé ‘na luighe anois agus níl oiread béarla ins an Mhálainn bhig, nó ins an Mhálainn mhóir agus chuirfeas na shuidhe á ar máidín amaras” arsa bean a toighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.