Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 119
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus go ceann naoi lá ins dhiaidh. Tá ceithre clocha déág thart ar an tobar. Cuireann na clocha seo i gcuimhne dúinn turas na croiche agus téigheann na daoine thart ortha. Níl paidir ar bith speisealta le rádh ag an tobar seo. Téigheann na daoine ar chuairt chuig tobar Colm Cille i nDruim-na-Créige ar an naomhadh lá fichead de mhí Mheitheamh.Téigheann daoine ar lorg léighis fá choinne an déididh chuig tobar Cholm Cille i nDruim-na-Créige agus chuig an tobar atá ins an Dumhaigh-Mhóir. Ólann siad cuid de'n uisge ag na toibreacha agus bheireann siad cuid de na bhaile leobhtha fosta. Ní fhágann siad rud ar bith in na ndiaidh ag na tobracha seo.Níl iasg ar bith ins na tobracha seo. Níl sgéal ar bith gur thug duine ar bith iarracht na tobracha beannuighthe seo a thiormugadh nó a salughadh. Deireann siad nach sgoilfeadh an t-uisge atá ins na tobracha seo.Níl tor no crann ag fás inaice leis an tobar beannuighthe atá ar an Chréig-Árd.
- Bailitheoir
- Maighread Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuaim, Co. Dhún na nGall