Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An treas oidhche thainig an gearran arais agus chuaidh an treas ingean amach na dhiaidh leis an sguab agus ghreamuigh an sguab ins an ghearran agus ar siubhal leis. Thuit an cailín isteach ins an caislean agus i gcionn cupla bomaite thainig an sean-ghearran bán isteach in a fhear uasal.
D'iarr sé ar an chailín tae a dhéanamh. Rinne sí mar h-iarradh uirthí. Chuaidh siad a luighe annsin agus ar maidín dubhairt an fear léithe "blighe an bhó no tá mise ag imteacht ach no gabh isteach ins an t-seomra. Bhlighe sí an bhó agus d'iarr an cat mór ruadh bainne agus thug an cailín bainne duithe. Chuaidh sí isteach ins an t-seomra agus chonnaic sí cuid mhór cailíní na gcodhladh agus chuir sé iongantas mór uirthí. Thainig sí amach arais ach bhí a cuid cosa salach.
Dubhairt an cat go dtug sise bainne duithe agus ghlan sí cosa an chailín ar soin an bhainne. Ní rabh fhios ag an fhear uasal go rabh sí istoigh. Nuair a thainig an fear uasal abhaile leig sé abhaile na cailiní a bhí na gcodladh agus pósadh é féin agus an cailín seo.- Bailitheoir
- Seán Mac Fhionntaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tóin Dubh (Thompson), Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Nic Fhionntaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tóin Dubh (Thompson), Co. Dhún na nGall