School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 069
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (a) Nuair a bhíos an cnó apaidh tuitfidh sé.
(b) Dhá trian cuidighthe túsacht. .i. Tús maith leath na h-oibre.
(c) As na tighthe beaga a thig na toighthe móra.
(d) An rud a thaiscidhigheas na cailleachaí ithidh na cait é.
(e) Is doiligh suidh gan locht a fhághaill.
(f) Is fearr suidhe ar an scáth na suidhe ar an bhlár.
(g) Itheann na muca mine fhéin triosc.
(h) Indiaidh a aimhleasa a tcí an tÉireannach a leas.
(i) Chuirfeadh nóiséan gabhar chun na cille agus bhearfadh dochas arais é.
(l) Is doiligh olann a bhaint de gabhar.
(m) An rud a tcí an leanbh gní an leanbh.
(n) Is fearr go mall no go bráth.
(o) Is glas na cnuic i bhfad uainn.
(p) An té nach n-ólann ach uisge ní bhíonn sé ar meisge.
(r) Ceó ar abhainn ceó an t-sonais. Ceo ar chnoc ceó an donais.
(s) Bliadhain na n-airne bliadhain bhrónach. Bliadhain na sceacháirí bliadhain bhréagh.- Collector
- Máire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female