Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 034

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 034
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann i bhfad ó shoin. Bhí sé pósta agus bhí sé an-bhocht.

    Bhí fear ann i bhfad ó shoin. Bhí sé pósta agus bhí sé an bhocht. Rinne sé suas a inntin go rachadh sé go dti an Oileann Úr ach bhí sé an bhocht agus ní rabh airgead no éadach aige. D'imthigh sé agus chas fear siubhail air. Bhí an-droch eadaigh ar an fhear a bhí ag imtheacht agus bhí bróga air mar bheadh dha scala staincinn. D'fiafruigh an fear don fhear siubhail an ndeanfaidh sé malart éadaigh agus bróg leis. Dubhairt an fear siubhail na ndeanfadh no gurbfearr a chuid eadaigh féin i bhfad no a cuid-san. Thugh an fear eile dhá sgilling do bhuta(?) do(?).
    Rinne said an malart agus d'imthigh siad. Bhí dá fhear ar an bhaile agus bhí an fhuath aca ar an fhear a d'imthigh. Thainic an fear siubhail aníos agus shil siad gurab é an fear a bhí ar shiubhal é. Mharbh siad é agus cuir siad é i bpoll mhonad. Tamalth ina dhiaidh sin nuair a bhí fir eile ag baint mhonad fuair siad é.
    Chuaidh an sgeala amach go bhfuaras fear ins an porthac. Ach ní rabh fhios ce é fein. Le sgéal fada a dheánfad gairid, bhí fear de na fir a mharbh an fear siubhal le posadh ar bean an fir a d'imthigh.
    Deirfeadh an bhean go dtiocfad a fear fein go fóill agus deirfeadh an fear a marbh an fear siubhal na dtiocfad, no sil sisean gurab é fear na mná a bhi sí ag cainnt leithe a mharbh (?). Sa deireadh oidhche amain thainic an fear a bhaile agus bhí an fear eile istoigh ag áirneál. Thuit sé agus chuaidh sé a laige. Shil sé gurab é a thaidhbhse a bhí ann. Luighe sé amuigh an oidhche sin ag cinn na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Fhionnlaoich
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Fál Garbh, Co. Dhún na nGall