Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 016
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Tháinig fear beag ribe ruadh isteach chuig bean gluain.”
Tháinig fear beag ribe ruadh isteach chuig bean gluain. D'iarr sé uirthi dhul leis go raibh bean an tighe ag eagaint. Ó maise níl aithne ar bith agamsa ortsa ar sise. Bhearfaidh mise mo fhocal duit ar seisean fagfhaidh mé sa bhaile slán sabhailte thú arais. Chuaidh sí leis. Ag dhul isteach un tighe dithe bhí bean an tighe ag léigheadh ime i cam ag an teine. Bhí sífíni luachra aici agus thug sí iad do an bean gluain le coinle a dhéanamh asta. Diarr sí uirthi cuid de'n craiceann a bhaint de na sífíni agus iad a tharraingt frid an im a bhí sa cam agus iad a fhagailt tamailt go néireochad siad cruaidh agus go ndéanfadh siad coinle annsin.
Anois arsa bean an tighe na hith agus na hól dadaí go dtéidh tú abhaile. Mhothuigh an bhean gluain tocas ina súil indiaidh na coinle a dhéanamh chuir sí suas a méar le é a thochas. Bhí cuid de'n im ar a méar agus cuimil sí é ar a súil. Bhí eir óg ann agus d'fhag an fear bheag an bhean sa bhaile slán sabhailte arais. Seal na dhiaidh sin, bhí sí ar aonach na Brocaighe. Mhothuigh sí na fir bheaga ag magadh ar cor dhuine agus ag cuidiu le cor dhuine eile margadh a dhéanamh. D'amharch an bhean gluain thart agus chonnaic sí an fear bheag na shéasamh cómhgarach cucaí. Chuaidh sé fhad leis agus rinne sí crathadh láimhe leis agus dubhairt sí ní fhachaidh mé thú ó'n oidhche udaí a d'fhag tú mé sa bhaile. Arsa an fear bheag léithe caide'n dóigh a bhfeiceann tú mé. An bhfeiceann tú mé le do dhá shúil. Ní fheicim acht tcím thú leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall