Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 011
- XML “Orthaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuid mhór órthaí ag na sean-daoine fa'n áit seo. Ní thabharann na dochtúirí nó an Eaglais isteach(?) dóbhtha acht tá léas ionnta má bhíonn muinghín ag an té atá dá bhfághail go dtiocfaidh biseach air. Tá órtha ag na daoine do chuid mhór rudaí mar órtha an leónta(?), órtha an déididh(?), órtha an ruaidh, órtha dúlagan, órtha an chait bhrághaid.
Tá cuid mhór daoine a bhfuil órtha an ruaidh aca. Gheibh siad giota beag ime agus téigheann siad ar a gcuid glúna agus deir siad focla no paidreacha eighinteacht os a chionn. Léasfaidh seo an ruaidh má tá muinghín ag an té a bhfuil sé ortha go léasfaidh sé é.
Thig an léas seo a dheanamh as diosta a bhíonns ar an urlár leis na paidreacha céadna a rádh. Nuair a bhéadh an duine a mbéadh na órthaí seo aca ag fághail bháis thiocfadh leis an órtha a thabhairt do dhuine eighinteacht eile.- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Muighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall