Scoil: St Columba's, Buncrana
- Suíomh:
- Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Ua Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: St Columba's, Buncrana
- XML Leathanach 016
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tuairm ar chéad bliadhain ó shoin bhí fear muigh ag baint muirinighe ar an chósta.”
Tuairm ar ar chéad bliadhain ó shoin bhí fear amuigh ag baint muirinighe ar an chósta ag Baile an Carraidh tuairm ar cheith mhíl ó Bhuncrannaighe .Chonnaic sé sean-bhocsa meirgeach na luige ar an talamh ach ní thug sé lá áird air. Tuairm ar sheachtinain na dhiaidh sin bhí fear eile darbh ainm Séamus Mac Lochlann as an áit seo amuigh ag baint muirmighe ins an áit cheadna agus chonnaic sé an bocsa fosca . Bhí an fear seo iongantach bocht agus bhI geaghlach mór aige. Bhuail sé an bocsa le a chorrán nuair a bhí sé ag baint na muirinighe . D'fobair mar bhris sé bárr a chorráin. Bhuail fearg é agus rug sé ar an tsean- bhocsa le é a chaistheamh amach as a bhealach .˜uair a chug sé iarraidh an cosca a thógailt fuaire sé amach go rabh sé congantach irom. Smaointigh sé ansin go mbhfhéid go rabh rud éiginteacht luachnar istig ins an bhocsa agus thig sé carraidh é a fhosgaile .Bhí an clár iongantach docligh a bhaint dé agus ghearr sé a chuid lámha ag gabhail acht b'eigean dó a thabhairt. D'ionoir sé abaile é agus d'iarr sé ar fhear do na mic é a fasgladh. D'fosgail seisean é(leanann ar an chéad leathanach eile)