Scoil: St Columba's, Buncrana
- Suíomh:
- Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Ua Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: St Columba's, Buncrana
- XML Leathanach 018
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Lá amháin tamall maith bliadhanta ó shoin bhí triúr feirmeoirí as Desertegney ag teacht isteach go Buncrannaighe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)i mullach na cloiche. Rinne an dara fear an rude ceadna acht bhí an tríoinach fear ní ba chúramaighe. Níor mhaith leis dochar ar bith a dheánamh do'n charr agus mar sin thug sé ar an chapall seasadh . Thainig sé amach ó'n chárr leis an chloch a thógailt amach as an bhealach . Nuair a thóg sé an chloch caidé an fuair sé fuithe ? acht croc airgid.(gan teideal)
“Ins na bliadhanta a chuaidh thart beireadha ar móran sgadáin i Loch Súiligh.”
Ins na bliadhanta a chuaidh thart beireadh ar móran sgadáin i Loch Súiligh. Am amháin rug sgaifte fear ar mhóran aca. Thug siad isteach iad go dtí an chéidh le iad a dhiol acth thoisigh siad ag troid fa dtaobh díobhtha. Dóirteadh mórán fola ins an troid agus dubhairt fear amháin le muna stadfadh siad ag troid nach mbeirfidhe ar sgadán ar bith i Loch Súiligh fhad is bhéan siad béo . Ní thug siad áird air acht throid siad leó .Lá ar na máireach nígheach mórán sgadáin isteacht ar an iráigh marbh agus go dí go rabh na fir a bhí ag troid tilig marbh ní bhfuarthas aon sgadán i Loch Súiligh.- Faisnéiseoir
- Mrs Fraser
- Inscne
- Baineann