Scoil: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh
- Suíomh:
- Baile Bhloscaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: An tSr. A. Nic Fhionnlaoich An tSr. M. Beinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) LÉIGHEAS FAITHINNE: Glac naoi n-ailt cocháin agus deán pearsal díobh. Gearr an deicheamhadh ceann agus caith thar do ghualann dheas é. "In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Noimh, Dia in n-aghaidh na h-urchóide". Nuair a bhéidheas tú ag suibhal amuigh caith uait na h-áilt eile agus imtheóchaidh na faithinníní. An chéad duine a thógfas ceann de na h-áilt béidh na faithinníní airsean.
2) LÉIGHEAS LEÓNTA: Ma chuireann aon duine a bhfuil cnámh leónta air an cnámh sin an céad rud i láimh naoidheanáin, béidh léigheas leónta ag an leanbh sin.
Léigheas Déididh: Bhíodh órtha fa choinne an déididh mar seo:- Luigh Peadar ar leic ÍosaAgus thainig Íosa ós a chionn"Cad é sin ort, a Pheadair?""A Thighearna, m'fhiacal atá tinn""Éirigh suas, a Pheadair, agus abair go bhfuil tú slán""Chá mhinic a bhíonn órtha agus déideadh"San aon bhéal amháin".nó
3) Bhí Peadar 'n-a shuidhe ar chloich, agus thainig a Thighearna ós a chionn. "Cad é sin ort, a Pheadair?" " A Thighearna, tá m'fhiacal tinn". Éirigh suas, a Pheadair, agus bí slán; ní tusa amháin sin gach aon congbhóchas na briathra seo i gcuimhne, i scríbhinn, nó i mbriathra. I n-ainm an Tighearna. Amen."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Monica Ní Chaomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glack, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Siúr na Trócaire
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Carn Domhnach, Co. Dhún na nGall