Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Dreóilín agus an Dáréag Mac.
Ins an droch-saoghal fadó bhí dreóilín ann dá raibh daréag mac aige. Nuair a tháinig mí Iúil tháinig sé geárr ar a mbeatha le iad a thógáil. Chuaidh sé ag ceannuidhe siopa go bhfaigheadh sé mála mion-bhuidhe ar spás go ceann ráithe go n-íocfadh sé é. Fuair sé sin ó fear an t-siopa. Nuair a bhí an ráithe caithte ni raibh sé ag tigheacht ag an siopadóir le n-íoc. Tháinig an siopadóir chuig teach an dreóilín go bhfuigheadh sé luach an mhála mhine-bhuidhe.
Bhí an dáréag mac chomh mór leis an sean dreóilín. Ní raibh fhios ag ag [!] an siopadóir cé aca a n-íarrfadh sé dhe luach an mhála mhine. Aimsear na bhfataí nua a bhí ann agus bhíodar an-bheag. Bhí siad ag dul ag déanamh "cally" díobhtha. Dubhairt ceann aca le h-Aonmhar a dhul amach agus meacan a bhainnt le chur sa "gcally". Chuaidh sé amach agus thug sé buile ar a hí, buile ar a hó agus buile ar a tharraint acht chlis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe