School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Dreóilín agus an Dáréag Mac.
Ins an droch-saoghal fadó bhí dreóilín ann dá raibh daréag mac aige. Nuair a tháinig mí Iúil tháinig sé geárr ar a mbeatha le iad a thógáil. Chuaidh sé ag ceannuidhe siopa go bhfaigheadh sé mála mion-bhuidhe ar spás go ceann ráithe go n-íocfadh sé é. Fuair sé sin ó fear an t-siopa. Nuair a bhí an ráithe caithte ni raibh sé ag tigheacht ag an siopadóir le n-íoc. Tháinig an siopadóir chuig teach an dreóilín go bhfuigheadh sé luach an mhála mhine-bhuidhe.
Bhí an dáréag mac chomh mór leis an sean dreóilín. Ní raibh fhios ag ag [!] an siopadóir cé aca a n-íarrfadh sé dhe luach an mhála mhine. Aimsear na bhfataí nua a bhí ann agus bhíodar an-bheag. Bhí siad ag dul ag déanamh "cally" díobhtha. Dubhairt ceann aca le h-Aonmhar a dhul amach agus meacan a bhainnt le chur sa "gcally". Chuaidh sé amach agus thug sé buile ar a hí, buile ar a hó agus buile ar a tharraint acht chlis(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Cuinneagáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway