Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0009
- XML “Páidín agus an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Páidín agus an Rí.
Bhí fear ann fadó dár bhainm Páidín. An lá rugadh é chuir a mháthair crann óg. Nuair a bhí sé seacht mbliadna d'aois thug a mháthair go dtí an crann é 'Tarraing an crann', ar sise. Rug sé air agus bhain sé tarraingt as acht ní féadfadh sé é a tharraingt. Nuair a bhí sé ceithre bliadna déag d'aois thug a mháthair go dtí an crann arís é le n-a tharraingt ach feanneadh níor bhain sé as.
Nuair bhí sé bliadhain is fiche, thug a mháthair go dtí an crann arís é agus tharraingt sé é 'Déanfaidh sé maide láimhe dhom' ar seisean. Gheárr sé na géaga de agus nuair bhí siad geárrtha bhí deich dtonna meadhcain na maide. 'Rachaidh mé ag obair chuig an rí anois' arsa Paidín. Chuaidh sé ag an rígh is fuair sé obair uaidh. 'Sé an obair bhéas le déanamh agat indiu', ar seisean stáca coirce a bualadh leis an súiste seo'. Leag Paidín an maide láimhe uaidh is thugsé isteach cúpla punann coirce agus thosaigh sé gá mbualadh 'Níl aon mhaith leis an suiste seo', ar seisean. Rug sé greim ar an maide láimhe, chuaidh sé amach san iothlainn, thosaigh sé ag bualadh na stácaí agus chuir sé an síol trí míle ar gach taobh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gráine
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Gráine
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe