Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0117
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo leigheas do'n triuch, dá gcastaoí capall bán ort fiafruigh de'n tiomáinidhe an bhfuil leigheas aige do'n triuch agus an rud a déarfaidh seisean leigheasóchadh sé sin an triuch.
An biadh nó an bainne a fágfas an firéid ina dhiaidh gan blas is leigheas do'n triuch é.
Aon duine a cailleadh a athair dá rugadh é tá leigheas aige do bhéal tinn. Shéideadh sé isteach 'sa mbéal tinn roimh eirighe na gréine. Agus tá leigheas ag seachtmhadh mac nac bhfuil aon ingheann eatorra. Le h-aigidh n-eascóideacha. Dá gcuimleochadh tú do theanga le Dearg Daoil beadh leigheas agat ar dhóigheadh. Tá leigheas ar an lín freisin. Fadó nuair a bhí Naomh Muire agus Iósap in mBeitleham bhí siad ag iarraidh lóistín a fhághail. Chuaidh siad isteach i dteach amháin ina raibh sean fhear agus sean-bhean. D'iarr an Mhúirnín beannuighthe loistín orra. Ní tiubhradh an sean-fhear dhóibh acht bhí an bhean sásta é a thabhairt dhóibh.
Chuaidh siad amach i stábla annsin agus is ann a rugadh Íosa. Ar uair a mheadhon oidhche fuair an sean -fear pian ina bolg. Chuaidh an bean amagh go dtí an stábla agus d'innis sí an sgéal do'n(leanann ar an chéad leathanach eile)