School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0117
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo leigheas do'n triuch, dá gcastaoí capall bán ort fiafruigh de'n tiomáinidhe an bhfuil leigheas aige do'n triuch agus an rud a déarfaidh seisean leigheasóchadh sé sin an triuch.
An biadh nó an bainne a fágfas an firéid ina dhiaidh gan blas is leigheas do'n triuch é.
Aon duine a cailleadh a athair dá rugadh é tá leigheas aige do bhéal tinn. Shéideadh sé isteach 'sa mbéal tinn roimh eirighe na gréine. Agus tá leigheas ag seachtmhadh mac nac bhfuil aon ingheann eatorra. Le h-aigidh n-eascóideacha. Dá gcuimleochadh tú do theanga le Dearg Daoil beadh leigheas agat ar dhóigheadh. Tá leigheas ar an lín freisin. Fadó nuair a bhí Naomh Muire agus Iósap in mBeitleham bhí siad ag iarraidh lóistín a fhághail. Chuaidh siad isteach i dteach amháin ina raibh sean fhear agus sean-bhean. D'iarr an Mhúirnín beannuighthe loistín orra. Ní tiubhradh an sean-fhear dhóibh acht bhí an bhean sásta é a thabhairt dhóibh.
Chuaidh siad amach i stábla annsin agus is ann a rugadh Íosa. Ar uair a mheadhon oidhche fuair an sean -fear pian ina bolg. Chuaidh an bean amagh go dtí an stábla agus d'innis sí an sgéal do'n(continues on next page)