Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0014
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rud beag dearg bhí ag fás ar chrann; Chonnaic beirt é, bhain cúigear é; coigeann daréag é, agus léig aon duine amháin siar é. ubhall
Ritheas agus fhuaireas,
cuairteas a's ní bhfuaireas,
Dá bfágainn é ní thiubhfainn liom é,
Ní fhuaras agus rugas liom é. Dealg in mo chois.
Céard a dhéanann péire bróg?Dhá bhróig.
Tá gárda sa gáirdín agus dhá chéad chaipín air. Tor gabáiste.
Sin é sa clúid é agus dhá chéad suil air?
Roithleán = riddle
Teach mór mór, coinnleóir or lasta do soillse oidhche agus lá. an flaitheas.
Ní fuil é, agus ní feóil é agus is as fuil agus feóil a d'fhas sé. Baintear an claigeann dó; réidhtear doóch dó agus riarann sé idir caraid agus namhaid. peann cleite.
Cia aca an chearc nó an ubh an ceann is sine.
Rinne Dia chuile ceann aca.
Téigh sé thart an domhan agus a cheann anuas. Táirne(leanann ar an chéad leathanach eile)