Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0018
  3. XML “Cruatan”
  4. XML “An Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Nuair a bhionn na h-eanlaith ag eitealt go h-íseal deirtear gur comhartha báistighe é. Is comhartha báistighe freisin na sléibhte a fheiceál go h-an ghar dhuit. Ní comhartha maith bogha leac a fheiceál ar maidin. Nuair a chídhtear na géadhanna fiadh ag eitilt adtuaidh deirtear gur comhartha seaca é. Má bhionn dath gorm ar an teine deirtear gur comhartha báistighe é sin freisin. Nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh ó'n deisceart deirtear gur comhartha báistighe é. Nuair a bhíonn an ghaoth ag séidedh ó'n oirthear bíonn sneachta ann. Nuair a bhíonn an cat i na shuidhe in aice leis an teine bionn droc aimsear ann. Nuair a bhíonn na h-éanlaith ag teacht isteach ó'n fhairrge is comhartha báistighe agus droch aimsear é. Nuair a chídhtear an sughaidh ag tuitim deirtear gur comhartha báistighe é. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir bíonn droch aimsear ag teacht. Má bhíonn na crotaigh ag sgreadaghail um thráthnóna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.