Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0044](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0044.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0044
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0044
- XML “Diarmuid Súgach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)marach a ghliocas. Chuala sé an gleo agus an rith ina dhiaidh agus nuair a bhreathnuigh sé siar céard d'fheicfeadh sé acht iad, "Ar Thóir an Adhastair Bhuidhe atá siad" arsa Diarmuid leis féin "act ní bhfuighidh siad é" arsa Diarmuid más féidir liom-sa é" agus siud isteach é faoi'n droichead a bhí faoi'n mbóthar. Tháinig na sidheóga suas agus chuadar thar an droichead. Níor bhfada dó annsin gur airigh sé ag filleadh ar ais iad agus chuala sé ceann aca ag rádh "tá sé imthighthe tharthainn anocht acht geobhfaimíd greim air aríst agus cúiteóchaímíd leis an dá bheart seo atá imríghthe aige orainn". Chuaidh na sidheóga ag an mbruidhean agus chuaidh Diarmuid abhaile.
Nuair a tháinig sé abhaile bhuail sé an doras agus leigeadh isteach é. Rith sé anonn ag an mnaoi uasal ag rádh. "Goirim agus coisreacaim slán thú a Inghean Rí Laighean nach mise a rinne an gníomh agus thusa a bhaint den tsluagh sídhe".
Annsin tharraing sé an biorán suain. D'imthigh an codhladh agus an suan dí agus tháinig cainnt agus éisteacht di. "Buaidh agus treise dhuit a Dhiarmuid agus is leat inghean Rí Laighean" arsa an bhean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 28
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe