Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0153
- XML “An Tobairín Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhóthar acht móta. Tá cúpla leac mhór ós cionn an tobair agus ar na leaca sin tá go leór rudaí leagtha. Duine ar bith a thiubhradh turas ann d'fhágfadh sé rud éigin ann i gcuimhne ar an turas sin. Amach ar aghaidh an tobair tá Crois bheag adhmaid. Tá breibh agus blátha ag fás ins an áit bhig atá ós cómhair an tobair freisin.
Seo é an chaoi a dtugann na daoine an turas. Thiubhradh siad leo seacht gclocha beaga as an mbóthar i dtosach. Ghabhfaidís thart timceall annsin seacht n-uaire ar an tobar. Gach uair chaithfidís cloch amháin ar an leac. Sé an fáth a bhfuigídís na clocha ná nuair a bheadh na seacht gclocha caitthe aca bheadh fhios aca go mbeadh an turas tugtha agus bheadh sé sin níos éasga dóibh ná a bheith dá gcómhaireamh ar a gcuid méaracha agus baoghal freisin go ngabhfaidís amugha an fhaid is a bheadh siad ag déanamh an turais bhéidís ag rádh a gcuid páidreacha go cráibhteach. Annsin nuair a bheadh an turas tugtha thiubhradh siad leó buidéal beag den uisge agus cuid den na breibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Úna Ní Conghaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe