Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0154
  3. XML “An Tobairín Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'fhágfaidís ribín nó rud éigin ar an leac i gcuimhne ar an turas sin. Is rí-chorr uair a thugtar turas anois acht fadó bhíodh go leór dá dhéanamh. Tá sé ráidhte go bhfuil leigheas ann.
    Deireann na sean daoine linn gur b'sheo é an fáth a bhfuil an tobar beannuighthe. Nuair a bhí Naomh Pádhraic ar a bhealach amach go Mám Éin shuidh sé síos annseo agus leig sé a sgíth ann. Nuair a bhí a sgíth leigthe aige. Thóig sé an tobar sin agus bheannuigh sé é. Níl siad cinnte cé a chuir an chrois adhmaid ann. Nuair a bhí an méid sin déanta aige lean sé dhá aistir fada. Sin é an fáth a bhfuil sé beannuighthe agus nach mór an truagh nach dtiubhradh duine an tsaoghail seo níos mó onóir agus omós dó ná mar a thugann. Tá sé ráidthe gur leigheas sé go leór daoine fadó. Is iomdha duine a raibh rudaí ar a mhéaracha agus a lámha agus a leigheas sé iad.
    Ar an taobh eile de'n bhóthar agus ar aghaidh an tobair tá loch
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Úna Ní Conghaola
    Inscne
    Baineann
    Aois
    17
    Seoladh
    Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe