Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 084
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéalta GreannmharBhí bean ann uair agus bhí mac aice. Ní bíodh an mac seo ag déanamh tada de, ach é coisne teine i gcomhnuide. Lá amháin dá raibh a máthair amuigh ag obair, nuair a thainig sí isteach bhí a mac cois na tine roimpi. ‘’Horradh dhuit’’ a rud salach a deir sí le na mac. Da coir duit a bheith ag obair i n-áit eicint agus bíodh do béil a saothra. “M’anam go b’fhéidir gur fíor duit é a mathair”. Lár na baireach do chuaidh sé go dtí an gabha a bhí i ngar do, agus dubhairt sé leis an sleigh a dhéanamh do agus dubhairt sé leis fresin “Is mise fear mart na gcéadta i éaadan”. Do sgriobh uiriú agus do sgríobh. D’imigh leis annsin agus tug sé an t-sleagh leis isteach i bpalas an Rí a chuaidh sé i dtosach. D’iarrfad an Rí dó cá raibh sé ag dul, agus d’innis sé do. Is tusa an fear a bhfuil uaimse arsa an Rí. Cén sort obair atá tú a tabhairt dom arsa Jack agus dubhairt an Rí leis go raibh sé féin a déanamh cúirt bhréagh gach seachtmhain agus go leagfadh triúir fáthac é tráthnóna Dia Satharn. “Ní leagfadh siad é an céad t-seachtmhain eile” arsa Jack. Dubhairt sé go rachaidh a codhladh annsin agus d’fán sé na codhladh go dtí Dé Satharn. Dhuisigh an Rí é agus d’éirigh sé agus chuaidh sé go dtí an cúirt annsin fuair sé lán a póca(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Beartlí Ó Chlochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Chlocartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe